Sean-Ré agus Nua-Ré na Teilifíse

Columns

Sean-Ré agus Nua-Ré na Teilifíse

Glanann an scuab nua an t-úrlár níos glaine fós … Ce nach mbraitheann a lán daoine ar an mBosca Teilifíse i gcúinne an tseomra suite,mar chaitheamh aimsire,

Thursday, 21 March 2013
9:00 AM GMT



Sean-Ré agus Nua-Ré na Teilifíse

Glanann an scuab nua an t-úrlár níos glaine fós…

Ce nach mbraitheann a lán daoine ar an mBosca Teilifíse i gcúinne an tseomra suite, mar chaitheamh aimsire, níl dabht ar bith ach go bhfuil sé tabhachtach i saolta líon mhór eile agus go háirithe iadsan atá ina gcónaí faoin dtuaith agus a lán acu ina n-aonair.

Bímíd ag smaoineamh siar ó am go ham ar na sean-chláracha i dtús Ré na Teilifíse do chuid againn! Bhíomar go léir tógtha leis an gclár iontach go raibh baint aige le saol agus saothar an fheirmeora,sé sin ‘The Riordans’ agus is cuimhin lion ‘Emmerdale Farm’ a thosaigh leis an téama céanna maidir le saol an fheirmeora sna ‘Yorkshire Dales’. Ba bhreá bheith ag féachaint ar chistin Annie Sugden agus í ag tógaint na bullóga aráin úra as an tsean-oighean agus na béilí deasa a bhíodh á hullmhú aici don chlann.

Chonaic me ar an nuachtan inniu go bhfuair James Thornton bás ag aois 92 dó-an fear mór árd mar ‘Captain Peacock’ san chlár “Are you being served”. Níl dabht ar bith ach gurbh iad sin na cláracha den scoth ag an am agus a tharraing gáire agus aoibhneas i measc na sluaite a bhí mar lucht féachana acu.

Ní ceart bheith ag féachaint siar is dócha ach anois is arís, tá cláracha den scoth againn fós ar an dTeilifís ach dar liomsa, maidir le greann agus carachtéirí speisialta, sainiúla, ní féidir na sean-chinn a shar.



blog comments powered by Disqus