Is leor don dreoilín a nead… 
(The wee wren only needs her nest … it’s her world) 

Bhí deireadh seachtaine aoibhinn ag grúpa in Mount Melleray ag críochnu ar an Domhnach seo caite agus b’é an tideal seo thuas téama an Chúrsa spioradálta a bhi ar siúl as Gaeilge, in onóir do Sheachtain Na Gaeilge.

Bhuail mé isteach ar an Domhnach ar feadh chúpla uair agus ba mhaith ab fhiú mo shaothar, gan dabht. Chualamar léacht iontach macánta ón Shiúr Mairéad ó Chlochar Glencairn faoi áilleacht agus buanna an dúlra atá timpeall orainn.

Dhéan sí cur-síos ar a háit dúchais i gConamara, áit ina raibh … ”fuaimeanna an nadúir thart orm de shíor-torann na dtonn agus na faoileain ag screadaíl ag tóraiocht rud len ithe.

Bhí na carraigeacha agus na locháin carraige lán de bheatha mara; an bundun leice (sea anamone), an diuilicin (mussel), an ribe ráibéis (shrimp) agus a lán eile… Bhí an portach lán de gach cineál planda, feithidí agus ainmhithe, an ciúinas ba mho a chuaigh i gcionn orm agus gan le haireachtáil ach glór éanacha an phortaigh, an chéirseach (blackbird), an crotach (curlew), an naosach (snipe) agus an fhuiseog (skylark) …”

Chríochnaigh sí an léacht le tagairt do Lúireach Phádraig … ”Eirim inniu trí neart na bhFlaitheas, solas na gréine, gile an tsneachta, mire lasrach, gastacht na gaoithe, doimhneacht na farraige, daingne na carraige agus Seasmhacht an Domhain …”