Nuachtán na Gaeilge

Columns

Nuachtán na Gaeilge

Tá sé deacair é a chreidiúint nach bhfuil nuachtán na Gaeilge a scaipeadh ag Roinn na Gaeilge i dTír na hÉireann …

Thursday, 23 May 2013
5:45 AM GMT



Nuachtán na Gaeilge Nuair is gann an bia, is fial é a roinnt…

Tá sé deacair é a chreidiúint nach bhfuil nuachtán na Gaeilge a scaipeadh ag Roinn na Gaeilge i dTír na hÉireann – an Tír chéanna go raibh Gaeilge mar ghnáth-theanga ag daoine in áiteanna mórthimpeall thar na blianta. Tagann Foinse amach ar an gCeadaoin, faoi scáth an ‘Irish Independent’ agus muna mbeadh módh scaipthe an Independent chun cúpla leathanach den bhFoilsiuchán sin a chur sna siopaí, ní bheadh Páipéar ar bith againn. Nuair a smaoinaíonn tú i gceart ar sin, nach bhfuil sé scannalach agus ant-airgead atá á chaitheamh fada fánach ón dTir seo, chun Gaeilge a fhorbairt mar theanga na hEorpa?

Tá sé do-chreidte nach bhfuil airgead againn i Rialtas na hÉireann chun cúpla leathanach a chur ar fáil dos na daltaí scoile, na Ciorcail Cainte agus ins na Leabharlanna maguaird. Nil aon áit, seachas an t-idirlín, chun eolas a fháil faoi himeachtaí, ócáidi, cláracha Ghaeilge agus tarlaíonn a leithéidí ar fud na tíre-bíonn siad thart nuair a chloisfeá futhú ambaist! Nuair a chuireann daoine ceisteanna mar “An bhfuil an Ghaeilge ag neartú, a’gceapann tú?” Bhuel bíodh d’aigne fhéin agat faoin gceist sin ach nuair atá na húirlisí áisiula tógtha uainn agus sinn ag saothrú go deonach faoi chás na teangan, tá freagra na ceiste faighte agat, a chara.



blog comments powered by Disqus