Fuair bás ar son ár dtíre leis an mbratach … Glas, bán ‘gus Ór”

Ní file mise ar chor ar bith sa tslí ina raibh féith na filíochta ag ár laoch Tomás Ceannt agus chum sé a lán dánta ina shaol ghearr, de réir dealraimh agus ins na línte seo thuas, dhéan mé iarracht astriuchán a dheanamh ar phíosa a chum sé faoi chás ar saoirse, mar náisiún.

Bhí Ócáid stairiúil, mhórthaibhseach againn inár mbaile féin ar an Luan seo caite agus slua mór ag freastal ar Aifreann ar maidin; b’iontach an príbhléid bheith i láthair ann.

Ghluais mór-shiúil (procession) ó Chearnóg An tSeipéil agus stad sé i dtosach ag Sráid Mac Donagh ag nochtadh Leacht in onóir do Thomás Mac Donagh, a bhí mar mhuinteoir i gColáiste Chólmain uair ina shaol.

Nochtadh leacht eile os comhair Ionaid Achmhaine (Resource Centre) mar b’é an sean-bearraice RIC agus is anseo a tháinig Tomás Ceannt agus a chlann ar an mhaidin a ghabhadh iad i gCaislean Uí Liatháin.

Ba mhór an bród-chroi a bhí ag borradh ionainn ag éisteacht leis an “Last Post” sa Chearnóg agus ansin Aindreas Ó Shaughnessy, Arm Na hÉireann ag tabhairt omóis speisialta do Bhratach Na hÉireann.

Sea, lá mór a bhí ann don ghlún óg agus fásta; molaim an Chumann a d’eagair an Ócáid dúinn, Comóradh a bheidh inár gcuimhne go fada an lá.