The pen is mightier than the sword

Columns

The pen is mightier than the sword

The pen is mightier than the sword… – Tá an Peann níós cumhachtaí ná an Claoimh…

Friday, 26 July 2013
12:00 AM GMT



Tá an Peann níós cumhachtaí ná an Claoimh… (The pen is mightier than the sword…)

An bhfuil an ráiteas sin fíór, a gceapann tú? Bhuel, ag feachaint agus ag éisteacht le h-obair na Meán-cumarsáide gach aon lá, tá neart agus fuinneamh ag baint le cursaí iriseoireachta agus scríbhneoireachta i gcoitinne, bíobh an tionnchur agus an toradh dearfach nó diultach. B’é sin ábhar le phlé ag an bhFéile Litríochta a bhí ar siúl deireadh seachtaine seo caite i mBaile Mhistéala agus b’iontach an Clár a bhí leagtha amach ag eagarthóirí Ócáide móire mar sin a tharlaíonn go bliaintiúil. Tá árd-mholadh tuillte acu agus bhí rogha ana bhríomhar ag an bpobal maidir leis na haíonna speisialta , a bhí mar léachtóirí ag an Ócáid seo.

Chuir Tadhg Pat Coogan tús leis an bhFéile agus ba léir go bhfuil staid eacnamaíochta agus slánú na tíre ag cur isteach go mór ar an bhfear seo. Bhaineamar an-taithneamh as dreacht cainte ó Liodán Uí Dhonnabháin, iníon le Prionsias Ó Chonchubhair (Frank O’Connor, great writer) a labhair go líofa, macánta faoi shaol phearsanta agus cúrsaí clainne a hathair agus í féin ag fás suas. Ba léir go raibh suim agus dúil ag an scríbhneoir cáiliúil céanna ina lán caitheamh aimsire eile seachas na leabhair… bhí grá doimhin ag Liodáin dá hathair agus mhol sí iarrachtaí a máthar, a choimeád an clann le chéile, in am an gháthair.

Sea is iontach an caitheamh aimsire an scríbhneoireacht agus nach sin a chuireann sonas agus aoibhneas i saol an léitheora, ambaist?!



blog comments powered by Disqus