Siúlóid in Éirinn (Údar: Seán Ó Tuama)

Columns

Siúlóid in Éirinn (Údar: Seán Ó Tuama)

Tar éis dúinn faobhar na faille a ghabháil trí sceacha is trí dhraighean …

Thursday, 14 March 2013
6:43 AM GMT



Tar éis dúinn faobhar na faille a ghabháil trí sceacha is trí dhraighean …
Ansin sea seinn Éan mór breacorga de na sreanga ós ár gcionn
Is lean mionchleitearnach ‘nár dtimpeall seal ar thonntachra an aeir
Láithreach bonn ina dhiaidh sin d’eirigh péasún sa bhféar fada
Is do rop ina árthach dorcha donn ag iomramh tríd an spéir …
Thogh me na línte deasa sin ó leabhar filíochta aoibhinn le Seán Ó Tuama,a rugadh in Linn Dubh (Blackpool) Corcaigh 1926 agus a chaith a lán dá laethanta saoire i ndúthaigh a athar i nGaeltacht Mhúscraí. An dócha gurbh é an dúthaigh seo a bhí ina smaointe sa dán seo thuas? Pé áit ar bith é, ba léir go raibh sé cóngarach dá chroí a bhi tógtha le hiontaisí an Nádúir faoin dtuaith,as sin a d’fhás tuairmí dá chuid filíochta ó am go ham gan dabht.
Anois teacht Féasta Phádraig, bíonn brí agus iontas breise ag baint leis an dtimpeallacht agus na páirceanna, crainn, bláthanna, plandaí ag dúiseacht ó dhorchadas an Gheimhridh – bímíd dóchasach go neireoidh planda Naoimh Phádraig, an tseamróg ghlas, uasal ina measc. Is álainn, galánta an planda seo leis na trí duilleoga néata agus í ag gobadh amach ón bhféar glas ar imeall na páirce-áit cuíosach lom is fearr don bplanda seo do réir cosúlachta. Caithimíd dul ar a tóir agus í a chaitheamh go bródúil ar laipéad ár gcótaí don Lá Náisiunta speisialta in onóir d’Aspal Mór na hÉireann.



blog comments powered by Disqus