Bhí mé ag caitheamh súl ar leabhar ana dheas a fuair mé mar bhronntanas le déanaí darbh ainm “Na dánta a d’fhoghlaíomar ar scoil” agus níl fhios agam i gceart c’én fáth ach stop mé ag an dán seo thuas nuair a bhí mé ag macnamh ar staid ár Rialtais faoi láthair!

“Leis an bpréachán a bhí an t-ádh

Fuair sé píosa cáise tráth

Is d’eitil sé in aarde chrann

Chun béile breá a chaitheamh ann

Bhí sionnach ag lorg bia dó féin

Sionnach glic,sionnach séimh

Do bheannaigh sé don éan dubh

‘Gus dúirt: ‘Nach breá atá sé inniu!’

Do thaitn an moladh leis an éan

Bhí sé mórálach maíoch as fein;

D’oscail a bhéal chun amhrán a rá

Is do thit an cháis uaidh ar lár…”

Ciocu páirtí tofa a gheobhaidh greim ar an mblúirín cáise sin? ‘n fheadar an diabhal …