Brat alainn na hÉireann

Columns

Brat alainn na hÉireann

Is cuimhin liom an lá a sheol Caiseal Ó Rodaighe, Príomh-Oide ár bhun-scoile anseo i gCaisleán Uí Liatháin, brat mór ildaite órnáideach na hÉireann ag geata tosaigh na Scoile agus na scoláirí mórthimpeall ag baint taithneamh as an Ócáid seo.

Thursday, 11 April 2013
9:00 AM GMT



Is cuimhin liom an lá a sheol Caiseal Ó Rodaighe, Príomh-Oide ár bhun-scoile anseo i gCaisleán Uí Liatháin, brat mór ildaite órnáideach na hÉireann ag geata tosaigh na Scoile agus na scoláirí mórthimpeall ag baint taithneamh as an Ócáid seo. Tá Caiseal ar Shlí na Fírinne leis na mblianta anois,suaimhneas na bhFlaitheas dó, mar ní hé sin an t-aon éacht a chuir an fear sin i gcrích an fhad a bhí sé ag múineadh anseo agus ag tabhairt aire dos na páistí.

Thiocfadh na scoláirí abhaile ar ra liom go raibh siad ag foghlaim rudaí nua lá ina dhiaidh lae, mar shampla conas cluiche Chartaí a himirt le chéile, amhránaíocht agus rince Shean-nós cé go raibh dhá chos chlé ag chuid acu!  Bhí ard-mheas ó chroí aige ar an nGaeilge agus an chéad uair a chuir mé nóta beag chuige faoi mo mhac a bhí breoite agus as láthair,ba léir go raibh an-áthas air.

Cé’n fáth? Scríobh mé an nóta tré Ghaeilge agus chun aitheantas a thabhairt don iarracht ar son na teangan,nár thug se leath-lá dos na daltaí scoile!? Bhí rimead an domhain orthu ambaist!

Bhuel tá bród agus áthas-chroí orm go bhfuil brat na hÉireann fós ag séideadh go hárd san aer lasmuigh den Scoil i gCaisleán Uí Liatháinagus go maire sé ann. Is leacht agus séad-chomhartha é don bhfear uasal a d’ardaigh an Brat Éireannach na blianta siar ….



blog comments powered by Disqus