‘Sí an mhuc is ciúine a itheann an bia’

Is dócha go bhfuil an ráiteas “muc sa phárlús” cloiste againn ó am go h-am agus ag féachaint ar an bhfógraíocht a chuireann Vodafone amach faoi láthair, shílfeá go bhfuil an mhuc dhílis ar ais I lár an teaghlaigh!

Bainim an-sult as alt a scríobhann Cormac Mac Conaill san Irish Examiner gach Deardaoin agus seo ábhar a bhí aige ar 24ú Márta.

Dúirt Cormac go gcuireann sé goimh dearg air ag féachaint ar aisteoir ó BÁC nach bhfaca muc riamh in a shaol, in a shuí sa tseomra suite lena ghrá-gheal agus muc bhocht in a gcomhluadar, ar a sáimhín só, mar dhea!

Goilleann a lán des na fógraí ar Chormac, de réir dealraimh; aisteoir eile ó Ros Na Rún ag ullmhú bhricfeasta lena bhagún fhéin ‘Bradys Ham’!

Admhaím go n-aontaím go huile is go hiomlán leis maidir leis na samplaí sin mar tá siad seafóideach, amaideach agus ar an scáileán gachra nóiméad, go bhfóra Dia ar chlann na Muc!

Bainim an taithneamh as an scil phinn a léiríonn Mac Conaill agus cúis ghrinn taobh thiar de ghach smaoineamh a chuireann sé trasna.

Críochnaíonn sé a phíosa ag bagairt nach bhfuil a TV fhéin  soar ó h-ionsaí le casúr trom oíche éigin, má leanann  na fógraí néaltraithe seo ar aghaidh!