Tá a lán buanna ag baint leis an tsaol seo,má thogaimid sos chun taithneamh a bhaint astu  agus ag feachaint amach ar iontaisí an tSamhraidh, ba cheart dúinn ár scíth a ligint o am go h-am agus ailleacht timpeallachta a tharraingt ós ar gcomhair.

Is intact, aoibhinn an tír bheag seo, Éire pé saghas aimsire atá againn… táim díreach tar éis teacht thar nais o thuras go Cnoc Corrin agus an t-aer alainn sláintiúil atá ag seideadh ann… bhuel tá sé go maith don chorp agus don mheon.

Tá na radharcann o bharr Corrin neamhaí agus is brea bheith ag Éisteacht le ceol binn na n-éan agus sinn ag dreapadh ar ar saimhín só. Ba mhaith liom glór na cuaiche a chloisint ach ni raibh an t-ádh liom go foil faraor.

Caithfidh me filleadh ar Chnoc Peacín nó coill Chúlcodlata in Iarthar Chorcaí chun guth fíor-bhinn an éinín sin a chloisint  chomh cruinn agus chomh hárdghlórach go gceapfá go raibh sí direach in aice leat!

Sin ceann des na hiontaisi a bhaineann le draíocht na háite sin agus a mheallann mise thar nais go rialta mar tá ‘tonic’ sainiúil ag gabháil leis…