Ceapann gach préachán gur gheal a ghearrcaigh fhéin…

Is dócha gur sin an scéal le muintir Chiarraí leis na blianta anois mar tá an clann cháiliúil sin atá lonnaithe i gCill Garbhán, chomh suntasach i gcúrsai polaitiochta;  is léir go bhfuil an-ghnaoi ag pobal Chiarrraí agus cos-mhuintir na tíre orthu.

Tá Danny (Donald) Trump ag déanamh go maith ins na Stáit Aontaithe de réir dealraimh, ach sciobann an ‘Danny eile’  cinnlínte na meán-cumarsáide (media) uaidh na laethanta seo! Chualamar le déanaí go bhfuil inion le Danny Chiarraí, Máire Healy-Rae, ag dul isteach san Chomhairle Chontae in ait a hathar agus dúirt sí gur onóir ollmhór é seo, bheith abalta leanuint i gcéimeanna a sheanathar, Jackie.

Is muinteoir í Máire agus í ag múineadh i bpost sealadach i nDroichead Na Bandan, Co. Chorcaí, faoi láthair, dúirt sí.

Bhuel, sé an chéad cheist a tháinig isteach im’ cheann,ar chloisteáil sin dom, ná cé’n fáth nach raibh iníon Danny Heay- Rae ag múineadh i bpost i gCiarraí féin? Bhuel, tá a saol féin aici, bail ó Dhia uirthi agus b’fhearr leí bheith neamhspleách is dócha, cosúil lena hathair agus uncal!

Is clann an-chliste iad pé scéal é agus léannta, eirimiúil chomh maith agus ce go labhrann Micheál beagáinín “aniar-aduaidh” uaireannta, tá ciall ag baint lena chuid chomhairle agus a thuairmí, go háirithe faoi shaol na tuaithe.

Bionn déistean air nach n-éistíonn na ‘Jakeens’ leis ach ceapann Mike nach bhfuil mórán idir na cluasa ag an dream sin!