Oidhreacht an Oileain (An Bhlascaoid)

Columns

Oidhreacht an Oileain (An Bhlascaoid)

Cistin mhór a bhí ins na tithe fadó – seomra mháin eile agus é deighilte ina dhá leath, seanmhuintir i dtaobh amháin agus gan ach clár eatarthu.

Thursday, 11 July 2013
6:50 AM GMT



“… Is cuimhin liom an tigh a bhí againne san Oileán. Tigh beag a bhí tógtha ag m’athair críonna,phós sé sa Daingean agus tar éis tamaill fuair sé láthair tí ó dheartháir a chéile agus thóg sé tigh thuas ar bharra an Ghoirt Bháin. Tigín beag ab ea é, tigín cluthair agus bhí seomra amháin síos ón gcistin.

Cistin mhór a bhí ins na tithe fadó – seomra mháin eile agus é deighilte ina dhá leath, seanmhuintir i dtaobh amháin agus gan ach clár eatarthu. Bhí mo leaba beag fhéin in aice mo mhuintire, ciseán a bhí ann mar bhí me óg, nuair a bhíos ag eirí, chuas isteach ian dteannta. Bhí an tigh ana chompordach, bhí mo mháthair go hiontach ar fad chun tí….”

Sin sliocht as leabhar Nua a scríobhadh le déanaí ag mac-léinn (UCC) Fiona Crowe, nuair a thóg sí scéal ó Ghearóid Cheaist Ó Catháin- an leanbh deireannach a saolaíodh ar an Bhlascaoid agus a d’fhan ann go raibh sé 3 bliana d’aois. Dhéan Gearóid cur-síos beacht, croíúil ar a shaol mar pháiste i measc na ndaoine fásta ar an Oileán agus narbh é an buachaillín a bhí sona sásta ann agus mar atá fós mar dhuine fásta anois- bhuail mé le Gearóid, atá i gCorcaigh ag seoladh an Leabhair seo.

Deireann sé go raibh trua ag gach éinne dó ar chloisteáil a scéal dóibh ach go raibh óige iontach aige agus a mhuintir, comharsain ana chneasta do-toisc gurbh é Gearóid an t-aon leanbh ar an Oileán. A scéal fhéin scéal ghach éinne…



blog comments powered by Disqus