Mair a chapall agus gheobhair féar …

Columns

Mair a chapall agus gheobhair féar …

Mair a chapall agus gheobhair féar … Tá a bhrí fhéin ag an tseanfhocal sin ach i láthair na huaire, tá brí níos géire leis mar, i gcásanna na bhfeirmeoirí ar fúd na tíre, tá ainmhithe ag fáil bháis leis an ocras.

Saturday, 27 April 2013
4:00 AM GMT



Mair a chapall agus gheobhair féar … Tá a bhrí fhéin ag an tseanfhocal sin ach i láthair na huaire, tá brí níos géire leis mar, i gcásanna na bhfeirmeoirí ar fúd na tíre, tá ainmhithe ag fáil bháis leis an ocras.

Níl aon bhia ag na sealbhóirí dos na chaoirigh agus stoc i gcoitinne, de bharr droch-aimsire an tSamhraidh seo caite agus fuacht sa talamh a chuir cosc ar an bhFás go forleathan. Tá an teocht ag teacht buíochas le Dia agus tugann sé eirí-chroí beagáinín dos na daoine seo atá i bhfeighil na nainmhithe, goileann sé orthu bheith ag féachaint ar chruatan an Ocrais aghus na hainmhithe ag eirí lag agus breoite dá bharr. Ar an dtaobh eile den scéal, bhí pictiúirí breatha ar an ‘Echo’ le déanai leis an gceannlíne “Obair na gcapall ar son na cúise” … nuair a eagraíodh marchaíocht CHEVAL i ndúthaigh Bhéal Átha An Ghaithraidh.

Bhí timpeall dachad capall,pónaí agus marcach páirteach i dturas 10 míle go Gúgán Barra agus ar ais, chun airgid a bhailiú maidir le hobair tógála Bhunscoile, Naomh Fhionbarra. Bailíodh thar dhá mhíle euro trí táillí iontrála, urraíocht agus Crannchur agus bhí lucht eagraithe ana shásta leis sin agus moladh thar bharr tuillte acu. Is deas dea-scéil a chloisint ar aon nós agus guímíd an rath céanna ar na daoine atá ag saothrú leis na hainmhithe bochta atá faoina gcúraim agus ag brath ar an bhféar ghlas amuigh ar an bpáirc tirim, te chun beatha agus sláinte a choinneáil iontu.



blog comments powered by Disqus