Domhnach Cásca gleoite

Columns

Domhnach Cásca gleoite

Tá an aimsir fuar feannaideach ach tá sé geal agus tá sé tirim.

Thursday, 28 March 2013
4:00 AM GMT



Tá an aimsir fuar feannaideach ach tá sé geal agus tá sé tirim. Cuirimíd orainn caipín agus carbhat te compórdach leis an gcóta agus ar aghaidh linn ag súileod go sona sásta. Tá na laethanta ag dul i bhfad lá ina dhiaidh lae agus uair breise againn go luath.

Nach bhfuil an t-ádh linn agus nach breá an t-am seo den bhliain ag súil le hiontaisí na Cásca, gan trácht ar raidhse seacláide tar éis bheith ag troscadh agus ag staonadh ar feadh dachad lá ambaist. Féachann na huibheacha seacláide go hálainn sna siopaí agus gan dabht, tá rogha galánta againn.

Is cuimhin liom fadó nuair a bhí ocras na milseáin ag goilliúint orann agus ag an am sin, ní raibh na milseáin i bpaicéidi in aon chor. Chuireamar iad isteach i mbosca beag agus ag deireadh an Charghais,bhíodar leáite (melted) agus greamaithe le chéile ach níor chuir sé sin isteach orainn,deirimse leat! 

D’itheamar iad agus fáilte agus is iadsan a bhí fíor-bhlasta! Ní raibh le fáil ansin ach uibheacha seacláide ana bheag leathan ar luach 2 phingin agus bhí siad gléasta i bpáipéar álainn ioldaite. Ara bhíomar ar muin na muice ag teacht ón Aifreann maidin Cásca ag cogaint go craosach agus gliondar chroí orainn go raibh an Staonadh fada thart.

Go raibh féile aoibhinn agaibh a cháirde agus bain taithneamh as an seacláid, tá féasta ceart tuillte agaibh!



blog comments powered by Disqus