Is fíor-álainn an fís é i láthair na huaire bheith ag féachaint ar na h-uain óga ag damhsa ar fúd na páirceanna agus cuid acu gan bheith tagtha ar an saol ach seal beag agus na cosa ag lúbadh futhú.
Pe scéal é, leanann gach aon cheann acu an mhathair atá ag coimeád súile ar an naoinán; cuireann sé ionadh orm go bhfuil gach uan abalta a mháthair a phiocadh amach as scata ollmhór atá scaipthe i bpairceanna áirithe.
Dá mbeadh féith na filíochta ionam, chumfhinn dán mholta don ainmhí sciamhach seo ach fágfaidh mé óid den tsaghas sin don bhfile iontach William Blake ina sraith filiochta (pastoral poems) leis an dtideal “Ovis Aries” (March lamb) mar tugann sé onoir shainiúil, speisialta don Uain óg álainn seo a bhorann gliondar chroí ionainn gach Earrach…
“Little Lamb, who made thee
Dost thou know who made thee
Gave thee Life and bid thee feed
By the stream and o’er the mead;
Gave thee clothing of delight;
Softest clothing, wooly bright;
Gave thee such a tender voice,
Making all the vales rejoice?”
Nach n-oireann na focail sin d’áilleacht an Nádúir agus d’ainmhí beag bídeach mar uan, lomrach, anamúil; fis na súl agus bia don anam …