Nuair a bhíonn an Cat amuigh, tosaíonn an luch ag sugradh!

Tagann a lan seanfhocail chun cuimhne ag smaoineamh siar ar an gcluiche iontach iománaiochta a bhí I bPáirc A’ Chrócaigh ar an Domhnach seo caite nuair a chonaiceamar deireadh Ré na gCat, Cill Choinnigh.

Níl dabht ar bith ach gurbh iad an foireann ab fhearr thar na blianta agus togha imreoirí ar an bpainéal ag Brian Cody ach bhi said i lár an aonaigh le fada agus bhi gach aon fhoireann eile ag cúlu siar rómpa.

Bhuel, níorbh é sin an scéal leis na Tiobradánaigh, bail ó Dhia orthu a thug taispeántas den scoth dúinn agus d’imreoirí óga na tire a bheidh dírithe ar an scilaclaíocht agus luas do-chreidthe a ghlacadh.

Níorbh é Gaeilge chliste ná Béarla briste a bhi ar bharr teangan ag an laoch “Boilgeog Uí Dhuibhir” (Bubbles Ó Dwyer) agus sceitimini an domhain air faoi agallamh ag RTÉ ach thuigeamar an gliondar agus eirí-chroi a bhi ina chroí agus bhíomar ag ceiliuradh leis.

Narbh é an leaid sin a fuair an cul ‘cool’ a chuir foireann Tipp ar bhóthar a leasa agus Corn Uí Chártaigh slán sábhailte ina seilbh. Maith thú ‘Bubbles’ agus do chomhghleacaithe a d’imir thar bharr ar fúd na páirce.

Anois, táim ag feitheamh le Co. Mhuigheo i gceann seachtaine eile chun bheith réidh ‘boilgeog’ (bubble) eile a bhriseadh agus Corn na Peile a scuabadh leo slán abhaile!