Is dócha go bhfuil tuairmí dóchasacha mar sin ag druidim isteach is amach in aigne na bpolaiteoiri faoi láthair agus iad ag siúl na sráideanna, bóithre, bóithríní ag gríosadh an phobail maidir lena roghanna vótála ar an Aoine seo. Níl tuairim dá laghad againn maidir le toradh an Olltoghcháin seo mar tá raidhse ollmhór de iomaitheoiri páirteach agus a lán iarrthóiri neamhspleácha ‘ag caitheamh hataí isteach’ sa chomórtas, mar adearfá.

Togfaidh sin ó na phríomh pairtithe mar beidh vótaí caite anseo is ansiud agus an t-am seo, sílim go ndéanfaidh méadú ar líon ma mban,mar iomaitheoiri, difríocht suntasach ins na ceantair éagsúla. Is dócha go bhfuilim dána ag caitheamh anuas ar athrú céime mar seo, ag tagairt dos na mná ach in áiteanna chaill fir seans bheith ainmnithe mar iomaitheoiri; i gcásanna áirithe chailleadh daoine le taithí agus cumas aitheanta i gcúrsaí polaitíochta agus iad a bheith nótálta mar oibreoirí dilse, díograiseacha ina gceantair.

Tá aithne agam ar dhaoine in Iarthar Chorcai, mar shampla agus nil aithne dá laghad acu ar na mná atá chunn bheith tofa, táid ina gconaí thar dachad míle uathu agus níor bhuail siad leo go fóill. Conas a bhféadfaí bheith muiníneach as polaiteoirí ag obair ar do shon i nDáil Éireann, nuair nach bhfuil aithne agat orthu mat tá  saen-cháirdeas agus sean aithne aitiúil, in easnamh.

Bhuel níl ró-fhada le fanúint anois a chairde agus tá cead ag gach éinne a rogha a dhéanamh agus dul abhaile sona sásta chun suí síos ar feadh deireadh seachtaine go hiomlán, ag díriu isteach ar chrot na dtorthaí . Beidh a lán tae ólta ach má leanann aimsir álainn an Earraigh, beidh mise ag súileod lem’ mhadra, mo chara nach bhfuil puinn suime aige i bhfústar  an olltighcháin.