An rud nach mbacann leat,ná bac leis …

Columns

An rud nach mbacann leat,ná bac leis …

Anois teacht an Earraigh beidh an lá ag dul chun síne … cathaim an líne sin a rá agus a hath-rá liom féin ó am go ham agus ag féachaint ar chinnlínte na bpáipéirí agus Nuacht an Lae ar Radio agus Teilifís beagnach gach aon lá anois …

Thursday, 31 January 2013
8:00 AM GMT



Anois teacht an Earraigh beidh an lá ag dul chun síne … cathaim an líne sin a rá agus a hath-rá liom féin ó am go ham agus ag féachaint ar chinnlínte na bpáipéirí agus Nuacht an Lae ar Radio agus Teilifís beagnach gach aon lá anois … bhuel níl solas na gréine nó Fás an Earraigh ag lonnradh amach uatha.

Bíonn clár suimiúil bríomhar ar an ‘Late Late’ ag Ryan Tubridy de ghnáth,caithim moladh a thabhairt dó ach san Seó deireannach,b’é gruaim,uafás,deora,scamaill a bhí mar théama tríd is tríd. Is dócha go bhfuil sé de dhualgas orthu na cásanna sin a phlé ach táimíd bréan des na scéalta céanna i rith na seachtaine nuair a chasaimíd cnaipe na Teilifíse chun réamhfháisnéis na haimsire a chloisint!!!

Ar aon nós ní ceart dom bheith ag gearáint ar an dtaobh eile den scéal-tá rogha agam ach nuair atá tú ag cócaireacht sa chistin agus TV an teaghlaigh ar siúl,níl dul-as agat,seachas Cluas bodhar a mhealladh! Is breá go bhfuil na laethanta ag dul i bhfad agus caint faoi na gcluichí CLG a bheidh ag tosnú arís agus fóirne úrnua ag tabhairt aghaidh ar thréanáil agus súil ghéar ag gach aon cheann acu ar Chorn na bliana ag deireadh.

Cad faoi Chorcaigh sa pheil, an mbeidh Dún na nGall thar nais go fíochmhar láidir arís,an féidir leis an tUasal McGuinness an dá thr a a fhreastal ambaist? Sin iad na ceisteanna atá le phlé as seo amach!



blog comments powered by Disqus