Tá ábhar Leabhair i ngach éinne?

Columns

Tá ábhar Leabhair i ngach éinne?

“…Bhí mo dheartháir,Seán, faoin am seo eirithe suas in aois a phósta. Bhí Máire ina cailín óg agus é in am aici críoch éigin a chur uirthi féin …

Saturday, 29 June 2013
8:45 AM GMT



“…Bhí mo dheartháir,Seán, faoin am seo eirithe suas in aois a phósta. Bhí Máire ina cailín óg agus é in am aici críoch éigin a chur uirthi féin. Níorbh fhéidir leí an tigh d’fhágaint nó go mbeadh duine éigin a dhéanfadh cúram an tí. Bhí mo mháthair go lagbríoch agus níorbh fhéidir leí faic a dhéanamh. Dá bhrí sin,bhí ar Seán pósadh… Bhí mo dheartháir, Seán, san am sin, ar dhuine des na buachaillí ba threise is ba cheolmhaire dá raibh i gCiarraí…”

Ar aithin sibh caint ghrámhar, suaimhneach Pheig Sayers? Bhuel, a cháirde, freagraíonn an giota sin as leabhar ‘Peig A scéal Féin’ an cheist thuas – go bhfuil ábhar leabhair ionainn go léir. Ba bhreá dá mbeadh scríbhneoir mar Micheál Ó Guithín réidh chun scéilín a bhreacadh síos agus leabhar a chruthú ar bheatha agus eachtraí saoil an duine agus gan dabht, is ag na gnáth-daoine,go minic atá na scéalta suimiúla.ambaist! Léiríonn scéal Pheig chomh simplí is a bhí an saol san aois sin agus chomh cruaidh, díograiseach is a d’oibrigh siad chun slí bheatha a thuilleamh.

Bíonn léirmheas dian, diúltach ar théama an leabhair sin ach ní haontaím leis sin mar is álainn an Ghaeilge atá ann agus cairdeas iontach idir na comharsain. Léim e anois is arís,d’aon ghnó chun taithneamh a bhaint as saibhreas na teangan agus nósanna na seanaimsire. Is aoibhinn liom bheith ag seanchaíocht le sean-daoine agus ag éisteacht leo siúd agus anois is arís tagaim trasna carachtéirí speisialta, a chuireann spiorad agus uirísle Pheig Sayers, i gcuimhne dhom…



blog comments powered by Disqus