Litríocht na Gaeilge 2013, cad atá i ndán Dó?

Columns

Litríocht na Gaeilge 2013, cad atá i ndán Dó?

Friday, 11 January 2013
9:00 AM GMT



Bím ag deanamh comparáide an t-am go léir idir scríbhneoireacht na sean-aimsire agus an lae inniu agus breacann sé orm go bhfuil difríocht ollmhór eatarthu maidir le stíl, smaointe, ráiteisí agus téama bunúsach. Ní nach ionadh,deireann tú liom-nach ollmhór an difríocht Aoise atá i gceist agus tuigim sin. Tá féith na scríbhneoireachta ag údair agus ‘cumadóirí’ an lae inniu gan dabht agus árd-mheas agam ar na scríbhneoirí a thoghaim féin,nuair a théim ag lorg Leabhair Gaeilge! Ach is iontach an stiuf atá i gcuid des na sean-leabhair agus an chiall gasta, aibidh a rith tré meabhar an duine a bhí i mbun chúrsaí phinn.
Feach ar an leabhar-scoile “Jimín” a thosaíonn i gCaibidil 1 leis an ceann-líne shimplí sin ‘Mar tháinig Jimín ar an saol is mar a chuir sé dúil i gcíste milis’. Nuair a leanann tú ar aghaidh leis an scéal tuigtear don léitheoir go bhfuil togha ghrinn agus neart scéalaíochta ag dul tríd ó thús deireadh. Faightear an Tuiseal Tabharthach, Ginideach agus Aimsir Fháisteanach, Caite, Módh Coinníollach in aon abairt amháin, uaireannta agus sílim gurbh é sin aidmh an scríbhneora ag an am mar bhí cúrsaí Gramadai an-tabhachtach don scoláire, ag tabhairt aghaidh ar fhoghlaim na Gaeilge. Bhí Jimín féin ana cheanúil ar an gcíste uachtair agus sciob sé greim dó féin nuair a fuair sé seans! “Tháinig dúil mhallaithe agam féin ann nuair a fuaireas an boladh agus nuair a d’imigh Mam in airde staighre bhaineas oiread a’ frí as an gcíste…”
Sea bhi ceacht gramadaí,frása álainn agus pleidhchíocht Jimin insan abairt sin agus is é sin a mheallann mise thar nais arís is arís eile ag baint taithnimh as an teacs-leabhair iontach céanna.



blog comments powered by Disqus