Dráma 'Shakespeare' – rogha maith!

Columns

Dráma ‘Shakespeare’ – rogha maith!

To be or not to be’ tógtha le drámaí Liam Shakespeare sílim gur mhaith an bia é don mheon (agus don bhfoclóir) anois is arís bheith suite síos ag éisteacht le canúint agus litríocht an Údair sin.

Saturday, 22 June 2013
8:00 AM GMT



To be or not to be’ tógtha le drámaí Liam Shakespeare sílim gur mhaith an bia é don mheon (agus don bhfoclóir) anois is arís bheith suite síos ag éisteacht le canúint agus litríocht an Údair sin. Is cuimhin liom na drámaí a bhí againn sa Mheán Scoil agus cé go raibh brú orainn na línte ón mhonalóg (‘soliloquay’) a fhoghlaim de ghlan-mheabhair, is anois a smaoinímíd an saibhreas bhriathraíochta a bhí ag dul leis.

Bhain mé an-taithneamh as an bfilíocht Shakespeare ,go háirithe na soinéid (sonnets) le ceithre línte déag i ngach aon cheann agus ábhar ‘topiciúil’ istigh ann. Bhí brí doimhin agus a chiall fhéin ag gabháil le furmhór dóibh agus greann chomh maith, a bhí beagáinín do-thuigthe uaireannta!

Chuaigh mé féin agus cúpla chara chun dráma ‘As You Like It’ a fheiceáil an tseachtain seo caite agus ós rud é go raibh aithne againn ar chuid des na haisteoirí, bhaineamar sásamh as. Tá sé do-chreidthe an mhéid ama a chuireann na haisteoirí seo isteach ag foghlaim na línte agus gan focal ar strae ag aon duine acu, ach staidéar géar déanta acu ar theanga agus pearsanacht na ndaoine ón suíomh sean-aimseartha céanna.

Sea! thángamr amach ag labhairt ós árd i nguth árdnósach, saibhir agus tionnchur Shakespeare ag dul i bhfeidhm orainn! Bhuel mar adúirt sé insan dráma a bhí feicthe againn…” Nach sinne na haisteoirí ar stáitse an tSaoil.



blog comments powered by Disqus