“Bhí an ghrian ag brath ar dhul faoi agus narbh álainn mar a d’fhág sí slán ag na fathaigh mhóra sléibhe sula ndeachaigh sí chun suain. Chuir sí na milte binn ar dhearglasadh.

Rinne sí ór lonrach den charraig ar bharr na gcnoc agus bóithrini dearga ina leicne. Chuir sí scátháin ag lonrú ar nós an chriostal ina dtaobhanna.

Tháinig lochrann glóire uaithi aniar chuig gach cnoc is beann le scéala go raibh sí lena bfhágáil go maidin faoi shoilse na gealai agus réaltaí na hoíche…”

Nach fior álainn cur-síos mar sin ar áilleacht shainiúil na gréine, Lampa na spéire, nuair a scaipeann sí a gathanna dealraitheacha timpeall na háite dúinn. Tarlaíonn seo mar an gcéanna ar fúd an domhain agus san sliocht thuas, ta an t-údar, Micheal Breathnach, ag tagairt do “Seilg i measc na nAlp”.

Bhuel bhí mé fein in iarthar Chorcaí don deireadh seachtaine agus geallaimse duit go bhfacamar Fís ghlórmhar mar sin gach tráthnóna ach ní bheadh cumas ná flúirse na bhfocal chomh héifeachtach agamsa ag déanamh cur-síos galánta mar sin air.

Is aoibhinn an t-am seo den bhliain pé scéal é ag féachaint ar na huain óga ag damhsa ins na páirceanna, atá ag eirí glas lá ina dhiaidh lae agus sabhairciní ag teacht amach ar imeall na páirce agus ar bhruach na habhann.

Is docha chun aoibhneas agus léirthuiscint a bhaint as iontaisi an Dúlra i gceart ,bíodh an mana seo agat …’Luigh le huain agus eirigh le héan’