Amy Huberman agus faisean na Iftas!

Columns

Amy Huberman agus faisean na Iftas!

Síoda ar Shiobhán agus balcaiisí ar a hathair…

Ní nach ionadh go mbíonn súile an tSaoil ar Bhronnadh na nGradam cosúil leis na ‘Iftas’ ar an dTeilifis agus atmasfaer mórthaibhseach a bhaineann leis.

Thursday, 21 February 2013
8:00 AM GMT



Síoda ar Shiobhán agus balcaiisí ar a hathair…

Ní nach ionadh go mbíonn súile an tSaoil ar Bhronnadh na nGradam cosúil leis na ‘Iftas’ ar an dTeilifis agus atmasfaer mórthaibhseach a bhaineann leis. Bíonn na cailiní ag feachaint ar a ‘wardrobe’ féin ina dhiaidh na gcláracha sin! A mhuire Mháthar! bímid scúite chun súil a leagadh ar na héadaí galánta atá le feiceáil le haghaidh na hócáide céanna agus an tsaghas ghúna a bhí á chaitheamh ag na haíonna speisialta, na hiomaitheoiri féin atá ainmnithe don ghradam chlúiteach seo. Tá gúna shíoda ar chailín amhain, gúna óir ar chailín eile agus faighimíd gach eolas faoi na róbaí curtha ar fáil ‘don dhéantús is nua”, d’aon ghnó chun coinneail i ngleic le “prestige” h-ócáide seo. Bainim féin sásamh as radharc galánta a bhaineann leis na culaith faiseanta, nuaoiseacha faoi mar a bhí súile an Domhain ar an gclár faiseanta sin fadó fado, darbh ainm “Dallas”. A Thiarna! bhí mé féin suite gach seachtain ag tnúth leis na gúnaí breatha saibhre a bhíodh á chaitheamh ag ‘Sue Ellen’ agus ‘ Pam’ -gan trácht ar chulaith uasal a bhí i gcónaí á chaitheamh ag an bhligeard, an rógaire é féin, “JR”. Ara! ní thiocfadh ‘Gentleman’s Quarters’ i ngiorracht scread asail dó agus é ina sheasamh gan stad ós comhair an scátháin ghil agus an gloine Bhrandy ina lámh aige. Bhuel,bheadh Amy agus a cairde abalta dul san iomaíocht leis na mná úd as Dallas aon lá den bhliain agus cad faoi BÓ’D i gcomparáid le fir uasail Dallas?! B’fhearr leis na fir bheith ag féachaint ar an RugbaÍ ar aon nós!



blog comments powered by Disqus