Cumadóireacht le Seán Ó Tuama

Columns

Cumadóireacht le Seán Ó Tuama

Cé atá i gceist san dán iontach san thuas, a’ gceapann tú? Arbh é Diarmuid Ó Súilleabhán, Joe Deane, Seán ÓG, Lar Corbett, Annraoi Shefflin no Seán Mullane féin?

Monday, 21 January 2013
8:00 AM GMT



Cumadóireacht le Seán Ó Tuama:
… “Nuair a thug gan coinne aon ráig glan fiain
Trí bhulc na bhfear ‘s gur phléacs an sliotar
Faoi smidiríní solais sa líontán
Do liúigh an laoch san uile duine …”

Cé atá i gceist san dán iontach san thuas, a’ gceapann tú? Arbh é Diarmuid Ó Súilleabhán, Joe Deane, Seán ÓG, Lar Corbett, Annraoi Shefflin no Seán Mullane féin? Is féidir an cur-síos céanna a dhéanamh ar aon duine den ghrúpa sin(agus  lán eile mar iad) nuair a bhi gach duine díobh ar bharr a chluiche,mar adéarfá.

Ach b’é Christy Ring a bhí i gceist ag Ó Tuama agus san dán fada sin, déanann sé tagairt beomhar,bríomhar do scil,aclaíocht agus misneach an imreora chluitigh sin ‘Ringy’ agus cinnte dearfa, sár-iománaí ab ea é in aimsir nach raibh ach an sliotar agus an camán mar úirlisí tréanála ag fóirne na haoise sin.

Ar an Domhnach seo caite,thaispeáin TG4 cluichí nótálta a himríodh thar na blianta idir Port Láirge agus Corcaigh agus gan dabht b’iad na coimhlintí ab fhearr riamh, gan trácht ar thaispeaintí Chille Coinnigh,ná a leithéidí. Is trua go bhfuil na laochra ,a chuir croí agus corp ar an líne sna gcluichí sin, imithe ón bPáirc imeartha uainn agus cuid acu óg go leor fós.

Beidh trácht futhú ag leanúint ar aghaidh ag saineolaithe CLG go fada an lá, faoi mar atá trácht fós agus mar a bheidh faoin Laoch ó Chluain Nua- Christy Ring.



blog comments powered by Disqus