An rud a scríobhann an Púca, léann sé féin é!

Is dócha go raibh na an line sin scríofa in aimsir an phinn (writing pen) agus ag féachaint siar, nach bhfuil moladh os ard tuillte ag na scríbhneoirí cáiliula a bhi ag brath ar an bpeann umhal agus a chuir leabhair staire, filíochta, úrscéalta agus araile ar fail don léitheoir ag an am, bail ó Dhia orthu.

Anois tá na háiseanna urnua ag scríbhneoirí maidir le teicneolaíocht den scoth. Ara cloisim faoi rud nua gach aon lá; úirlisí nach féidir liomsa ná mo leithéidí, triail a bhaint astu agus I ndáiríre iadsan nach bhfuil suim againn ann, ambaist.

Tá meas agam ar na scríbhneoirí a scriobhann gach seachtain faoi chúrsaí reatha, faoi mar a fheiceann said ós a gcomhair.

Is brea liom Cormac MacConaill on tuaisceart a scríobhann don Examiner gach Deardaoin mar tá smaointe suimiúla, macánta aige faoi ghnéithe difriula an tsaoil seo, gan stad.

Bíonn sé ag taisteal a lán agus le deanaí, bhí se stoptha ag soilse tráchta I gCillaloe ar droichead a bhí fíor-chúng; thug sé faoi ndeara go raibh trucail (truck) ollmhór ag gabháil thart agus dhean sé cur-síos ar scil agus cruinneas an dtiománaí taobh thiar de roth an Inill mhóir (big engine) seo agus sli ina threoraigh sé an feithicil tuathallach seo slán sabhailte thar cúinne ciotrúnta (awkward bend).

Deireann Cormac go bhfuil scil agus traenáil speisialta ag baint leis an tsli bheata céanna agus go bhfuil saol na dtiománaithe seo ag eiri níos dáinséaraí agus níos deacra la ina dhiaidh lae.

A Thiarna Dé! Táim ar aon fhocal leis san ábhar seo.