Is é an bóthar mór an cóngar

Tá ciall doimhin ag baint leis an tseanfhocal sin, dár liomsa ach ina lán slite san lá atá inniu ann, níl cead againn an bóthar mór a thógaint agus níl aon dul as againn ach an cóngar a thabhairt orainn fein ambaist.

Nuair a bhíonn seirbhís ar bith á lorg agat anois, faigheann tú comhairle laithreach,órdú i ndáiríre “Is féidir é sin a dheanamh ar líne”… An bhfuil aon tuairm faoin gcréatúr bocht nach bhfuil scil ríomhaire ar eolas aige/aici ná ríomhaire sa teach acu.

Cad atá le déanamh acu, cuirim an cheist? Chonaic mé an brú agus fíor-imní a chuir an córas nua-aimseartha seo ar dhuine le déanaí ,nuair a bhí sé ag iarraidh Ceadúnas thiomána a fháil agus de réir mar a thuigim, níl tú abalta coinne theilafóin (appointment) a chur in airithe a thuilleadh; chaithfeá dul ar an idirlín.

Ansin bíonn ort taisteal thar 20 míle led’ cháipéisí go léir le dóchas id’ chroí go raibh gach rud i gceart agat maidir leis an gceadunas nua a ghlacadh. Go bhfóra Dia orainn!

“Tá se in am dúinn scárúint leis an ngluaisteán agus má tá taisteal saor againn, bain úsáid as agus beidh faoiseamh aigne againn ansin!”

Sin mar adúirt an duine seo liom agus i ndáiríre, tá ciall agus réasún ag gabháil leis an smaoineamh céanna … ní cheannódh Ór suaimhneas